Dingle: Our Town - Our Name - Our Heritage

DINGLE DAINGEAN UI CHUIS.

 

If you would like more information about the Dingle peninsula, please visit the Dingle Peninsula Web Site.


An Seabhac, Padraig Ó Siochrú,
with a group of students from the first Irish college in the country,
Bridge Street, Dingle

The Dingle Train, Mail Road, Dingle

Strand Street, Dingle

Dingle Pier

Currachs Take Off From The Slipway

 



ÁR mBAILE - DAINGEAN UÍ CHÚIS

Téann stair scríobhtha Dhaingean Uí Chúis siar 700 bliain.  Tá trácht le fáil sna blianta 1278 “Dengyn”, 1316 “Daingean Uí Cubhais”, 1569 “Daingean Uí Chúis”.  Tá an dá ainm á luath sa Bhéarla agus sa Ghaeilge le fada ag muintir ár mbaile.

Dingle do réir foclóra Béarla – “a deep narrow dell between hills” rud atá fíor – idir Chnoc a’ Chairn agus Croisín.  Ciall amháin atá le “Daingean Uí Chúis” ná “the fortress of O’Cush” – daoine a bhí anseo roimh theacht na Sasanach.

Tá baile mór Dhaingean Uí Chúis déanta suas as na bailte fearainn seo leanas: Daingean Uí Chúis, An Choill, Fearann na Cille, Fearann Uí Fhlaithbheartaigh, An Gróbh, Gort Onóra, Fearann agus Imleach Thiar.  Tá tuairim 1800 ag maireachtaint sna bailte seo.

Tá stair Dhaingean Uí Chúis an-shuimiúil.  Taréis do theacht na Normánach bhí an baile, de bhárr an chalafoirt a bhí ann, ar cheann de phríomh bhailte trádála Iar-dheisceart na h-Éireann.  Tionscal an-thábhachtach abea an t-iascaireacht sa dúthaigh seo.  Bhí ceangal an-láidir eacnamaíochta idir An Spáinn agus Daingean Uí Chúis san séú aois déag.  Tógadh a lán tithe ar an mbaile ar chruth thithe na Spáinne.  Tá clocha deartha le feiscint ós cionn dhóirse ar chuid de thithe Shráid a’ Dhoirín go dtí an lá atá inniu ann.

Dódh an baile go talamh cúpla uair, ar dtúis sa bhliain 1316 ag Diarmuid Mac Cárthaigh agus arís sa bhliain 1580 ag Iarla Urmhumhan. 

Níl aon dabht ná gurbh é an séú aois déag an ré ba thábhachtaí i stair Dhaingean Uí Chúis ach ba le linn an ama seo chomh maith is mó a bheir cruatan ar phobal na h-áite.  Le linn chogaidh na n-Iarlaí dódh agus deineadh slad ar an áit go minic.  Cuireadh deireadh beagnách le trádáil an bhaile.  Bhuail Éirí Amach na bliana 1641 agus slad Chromaill buille an chruaidh ar thrádáil an bhaile.

Thóg sé go dtí an ochtú aois déag ar thrádáil an bhaile teacht chuige féin arís.  Thosnaigh mangairí fíona ag trádáil idir Dhaingean Uí Chúis agus Mór-roinn na h-Eorpa arís.  Thosnaigh Roibeárd Mac Gearailt tionscail an línéadaigh i dtús an chéid seo.  D’éirigh thar bárr leis an dtionscail seo ar feadh daichead bliain.  Le teacht an chodáis thit an tóin as thionscail an línéadaigh agus fén mbliain 1837 ní mór do a bhí fágtha.

I bhFómhar na bliana 1845 bhuail An Gorta Mór buile marfach ar phobal na h-Éireann de bhárr gur theip ar an bpráta.  Níor tháinig Daingean Uí Chúis, ná an dúthaigh máguaird, slán as an droch bhuile seo ach oiread.  Tógadh Tigh na mBocht sa bhliain 1852 chun freastal ar mhuintir na dúthaí máguaird.  Tugadh cúnamh do 6,068 duine ann an bhliain sin.  Le linn an ama seo bhí muintir an cheanntair fé bhrú chíosa troma agus muna ndíolfaidís iad deintí iad a dhíshealbhú.  I mí Aibreán na bliana 1885 ruaig Tiarna Fionntrá dhá chlann déag as a gcuid gabhaltaisí i gCaisleán Ghriaire.

Sa bhliain 1888 bunaíodh craobh de Chumann Lúthchleas Gael i nDaingean Uí Chúis.  Ba é Patrick Moore an chéad rúnaí  agus Patrick Gould an chéad chaptaen ar an gcumann agus d’imríodar fén ainm The Dingle Shamrocks.

Bhunaig John Lee, Michael Dissette, Michael McDonnell, Thomas Kelliher agus Patrick Foley craobh de Chumann na Talún i nDaingean Uí Chúis. 

Ba as iascaireacht agus as fheirmeoireacht a tháinig príomh ioncam mhuintir an cheanntair i dtús an chéid seo caite.  Bhí an imirce mar thoradh ar na Trioblóidí agus ar an gCogadh Cathardhach.  Thug na Dubhchrónaigh fén mbaile a dhódh arís sa bhliain 1920 ach níor éirigh leo de bhárr gur chuir muintir an cheanntair go tréan ina gcoinne.

Sa bhliain 1926 isea a tugadh aitheantas oifigiúil Gaeltachta do Dhaingean Uí Chúis agus deineadh athdhaingniú ar an stádas seo sa bhliain 1956.  Bhí “An Seabhac” Pádraig Ó Siochrú ar dhuine do bhunaitheoirí an chéad choláiste Gaeilge sa tír sa bhliain 1908.  Is i dTigh John O Donnell, mar a bhfuil tigh tábhairne Uí Fhlaithbheartaigh agus tigh mhuintir Bhambaire ar Shráid a’ Droichid anois, a tionóladh na ranganna i dtús báire.  Ba é “An Seabhac” údar an leabhair “Tríocha Céad Chorca Dhuibhne” agus bhí baint aige le Coimisiún na Logainmneacha agus ghlac an Coimisiún leis gurbh Daingean Uí Chúis nó An Daingean ainm oifigiúil an bhaile as Gaeilge.  Chreid “An Seabhac” i gcónaí gur “Daingean Uí Chúis” an t-ainm a bhí ó mhuintir an bhaile agus gur úsáid muintir na tuatha laistiar don mbaile “Daingean” (i gcaint na ndaoine) mar ainm.  Níl aon dabht ná go raibh deacrachtaí ag tacathóirí na Gaeilge a gcuid gnótha a dhéanamh i gcuid de shiopaí móra an bhaile le linn na dtriochadaí, na ndaicheadaí agus na gcaogadaí. Ins na seascadaí d’athraigh úinéircht a lán gnóthaí ar an mbaile agus dá bhárr seo músclaíodh suim mhuintir na háite i dteanga agus dúchas a sinnsear.  Tá dul chun cinn mór déanta ag an aithbheochaint sin le daichead bliain nuair a bunaíodh craobh áitiúil de Ghlór na nGael.  Ba é an t-Athair, Cáirdinéal níos déanaí, Tomás Ó Fiaich a bhí mar phríomh stiúrthóir náisiúnta ar an ngluaiseacht seo agus thug sé cuairt ar an mbaile chun cabhrú leis an gcoiste áitiúil.  Bhí caint fé mheath na teangan go forleathan agus beartaíodh go gcaithfí feabhas a chur ar chúrsaí agus gan a bheith ag braith ar an rialtas ná aon dream eile chun seo a dhéanamh. 

Spreag na cruinnithe sin spioraid nua agus dá bhárr tháinig dea-thoradh ar an scéal nuair a bhuaidh Daingean Uí Chúis an phríomh dhuais i gComórtas Ghlór na nGael 1980 – 81 fé stiúir an chathaoirligh Jed Budhlaeir.  Sa bhliain 1981 aithbhunaíodh Craobh an Ághasaigh de Chomhaltas Cheoltóirí Éireann agus é mar fheidhm ceol, rínce agus amhránaíocht na háite a chaomhnú agus a fhorbairt.  Reachtáladh Fleadh Cheoil Chiarraí chúig n-uaire ar an mbaile seo sna blianta 1984 – 89 agus de bhárr na hoibre seo go léir bhí sé d’onóir ag an gcraobh áitiúil Fleadh Cheoil na Mumhan a eagrú sna blianta 1990 agus 1996.  Ní ceart dearmhad a dhéanamh ar ócáidí cultúrtha eile a reachtáladh go rialta agus gan locht sa cheanntar. Reachtáladh Oireachtas na Gaeilge ar an mbaile trí n-uaire, 1987, 1992 agus 2001, chomh maith agus tá buíochas ar leith ag dul do Mhícheál de Mórdha, Jeaic Ó Muircheartaigh, RnaG, Jed Budhlaeir agus a thuile nách iad a d’oibrigh go cruaidh chun féilte iontacha a bheith ann. 

Is é Daingean Uí Chúis an baile mór Gaeltachta is mó sa tír. Tá ceannáras na Mumhan d’Údarás na Gaeltachta lonnaithe i nDaingean Uí Chúis le breis is fiche bliain agus is mór an chabhair atá tugtha ag an t-Údarás do ghnóthanna éagsúla ar an mbaile ó thaobh deontaisí 7rl.  Bhí 987 duine fostaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne sa bhliain 2004 de bhárr cabrach an Údaráis.  Is mór an bhuntáiste don áit seo ceannáras na Mumhan a bheith anseo agus tá an fhoireann agus na baill tofa áitiúla ag obair go dian ar mhaithe le muinntir an cheanntair. 

Le blianta fada tá scoileanna an cheanntair ag freastal ar riachtannaisí oideachasúla mhuinntir na háite. Tháinig Siúracha na Toirbhirte sa bhliain 1829 i mbun scolaíochta agus bunaíodh Meánscoil na mBráthar ar an mbaile sa bhliain 1848.  Glactar leis go bhfuil níos mó múinteoirí ar fud na tíre a fuair a gcuid oideachais i scoileanna Dhaingean Uí Chúis ná scoileanna bhailte eile na tíre don dtoirt chéanna.  Tá muintir an cheanntair fé chomaoin mhór ag múinteoirí an dá scoil seo le blianta.  Chabhraigh a lán de iar scoláirí an dá scoil le bunú agus rith cuid mhaith de Ghaelscoileanna na tíre.

Tá sé sa nádúir ag muintir Dhaingean Uí Chúis a bheith an-mhórálach as a dtraidisiún agus a gcultúr fé mar a bhíonn le feiscint gach uair a reachtáltar nithe éagsúla traidisiúnta cosúil leis An nDreoilín, Paráid Maidne Lae Phádraig, Ráiseanna Capall Dhaingean Uí Chúis, Regatta na mBád, Beannú na mBád, Teaspántas Talmhaíochta, Banna Fíofa agus Druma, C.L.C.G. agus a thuille gan áireamh. 

Tá fáilte curtha roimh dhaoine as gach chearn den saol isteach inár gcomhluadar, tá cuid acu ag cur fúthu go buan sa cheanntar agus a ngnóthaí féin bunaithe acu agus ag éirí thar na bearta leo.

         Tháinig athrú shuntasach ar stair Dhaingean Uí Chúis le teacht “Acht Teangan 2003” i nDáil Éireann agus ar an 28ú Márta 2005 a deineadh an tAcht oifigiúil.  Le teacht an Achta seo isea thosaigh na deacrachtaí atá taréis áird meáin chumarsáide an domhain a tharrac ar an mbaile.  Ciallaíonn an tAcht go bhfuil deire tagtha le h-ainmneacha dhá theangacha sa Ghaeltacht agus ná fuil ann anois ach an t-ainm Gaeilge amháin.

Ós rud é go bhfuil Daingean Uí Chúis sa Ghaeltacht ciallaíonn Acht 33(2) nách bhfuil aon seasamh dlíthiúil ag an leagan Béarla den logainm sin níos mó.  Go bunúsach mar sin, níl an t-ainm ‘Dingle’ ann níos mó sa chiall oifigiúil.

Dá bhárr seo níl na foirmeacha dhátheangacha Daingean Uí Chúis/Dingle ann a thuilleadh  agus tá an t-ainm Daingean anois ar an mbaile.  Chomh maith leis sin ní féidir an leagan Béarla a bheith:

  • in Achtanna Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla
  •  i léarscáileanna arna bhfoilsiú ag an tSuirbhéireacht Ordanáis nó lena cead a bheidh forórdaithe. 
  •  ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.

Glacaimíd leis gur tugadh cuireadh do dhaoine a smaointe faoi na leagain Ghaeilge de logainmneacha a chur in iúil san dréacht órdú san Roinn roimh 31ú Lúnasa 2004.  Cuireadh an phróiséis seo ar a súile do dhaoine tré fhógraí ar Raidio na Gaeltachta, TG4 agus na nuachtáin Foinse agus Lá.  Ní chiallaíonn sé go raibh muinntir Dhaingean Uí Chúis sásta ainm an bhaile a athrú de bhárr nách raibh aon iarrataisí curtha isteach ag áitreabhaigh an bhaile. 

         Tháinig buíon d’áitreabhaigh an bhaile le chéile chun teacht ar shlí chun cinneadh an Aire a athrú agus bhuaileadar le baill choiste Chomhairle Chontae Chiarraí. Chomh maith vótáil comhairleoirí Chontae Chiarraí, ag cruinniú den gComhairle, ar phobalbhreith a reachtáil chun seans a thabhairt do mhuinntir bhaile fearainn An Daingin a gcuid tuairimí a chur in iúil.  D’éirigh le muinntir na h-áite tacaíocht mhóraimh na gcomhairleoirí contae, 18 in aghaidh 1, a fháil agus as seo táimíd an-bhuíoch.  Chuaigh an tacaíocht seo tras pháirtithe.  Cé gur mhaith linn go mbeadh cead ag pobal na naoi bailte fearainn timpeall bhaile fearainn an Daingin vóta a chaitheamh sa phobalbhreith, ní féidir do réir cúiseanna dlí seo a bheith ann.  Bhuail toscaireacht áitiúil le h-Aire na Gaeltachta chun imní an phobail, faoin athrú ainme, a chur ina luí air.  Seo athchoimre ar a ndúramair leis:

  • Tá an dá ainm á úsáid sa cheanntar seo le ar a laghad 700 bliain agus go dteastaíonn uainn iad a choimeád.
  • Tá furmhór mhuinntir na h-áite ag braith ar an dturasóireacht mar shlí bheatha agus tá an ainm Dingle – Dingle Peninsula cosúil le h-ainmneacha cláraithe ar fud an Domhain anois.
  • Go háirithe ba mhaith linn go mbeadh Daingean Uí Chúis / Dingle ar na comharthaí bóthair lasmuigh den nGaeltacht ag Aerfort Chiarraí, i dTráighlí, i gCill Áirne etc.

Bhí toradh an-mhíshásúil ar ár gcruinniú leis an Aire ónár dtaobh.  Do réir an Aire níl na hainmneacha Dingle/Daingean Uí Chúis dleathúil a thuille agus ná fuil a leithéid d’áit ann agus Dingle.  Dúirt sé ar deireadh go bhféadfaimís iarratas a dhéanamh ar Choimisiún na Logainmneacha an ainm An Daingean a athrú go Daingean Uí Chúis agus go bhféachfaidís go fábharach ar seo.  Is dúbhshlán dúinne, Muintir Dhaingean Uí Chúis, an cheist seo a chaithfimíd í a throid go deire.  Tá obair chruaidh rómhainn.  An nglacfaimíd leis an ainm ‘An Daingean’ atá á bhrú siar orainn nó an bhfuileamíd sásta seasamh a thógaint ar son ár ndúchas agus troid ar son Dhaingean Uí Chúis / Dingle.

Ní ceist Gaeltachta an cheist seo.  Tá dlúthcheangal idir mhuinntir an bhaile agus muinntir an cheanntair mháguáird leis na cianta. Ní chuirfidh athrú ainm an bhaile go An Daingean aon fheabhas ar ár dteanga dhúchais sa cheanntar.  Dúinne a saolaíodh agus a tógadh ar an mbaile is ceist faoin ár stair, ár ndúchas agus ár mbunús é. 

         Tá trí rud ag cur isteach orainn:

                  Ár n-ainm, ár mbaile agus ár ndúchas.

Thar aon rud is ceist daonfhlaithis an cheist seo.  Tá fearg ar mhuinntir Dhaingean Uí Chúis de bhárr nách raibh aon bhaint acu le h-athrú ainm a mbaile dúchais.

Ar son ár sinnsear agus ár ndeoraithe ar fud an Domhain tá sé fíor-thábhachtach go seasfaimís go láidir ar ár son féin agus ar son ainm an bhaile áluinn, clúiteach atá againn.

         Tionóladh cruinniú phoiblí in Óstán Benners ar an 21ú Samhain 2005 fé choimirce an Chamber of Commerce chun an cheist a phlé.  D’fhreastail breis is 200 duine ar an gcruinniú seo agus theaspáineadar go léir a dtacaíocht don bhfeachtas chun an dá ainm, Dingle/Daingean Uí Chúis, a chur chun cinn.  Ba é Diarmuid O Dálaigh a bhí ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus d’fháiltigh sé roimh An gCanónach Jackie McKenna agus an t-aoíchainnteoir, An Seanadóir Joe O Toole.  Labhair Joe fén uair a d’fhág sé an baile seo in aois a h-ocht mbliana déag.  Dúirt sé gur chóir ceart daonfhlaitheach a bheith ag na daoine vótáil agus ná raibh sé ceart ná cóir a bheith ag brú ainme ar na daoine in aghaidh a dtola agus nár cheart a bheith ag breabadh ná ag mealladh ná ag déanamh bagairtí ar an bpobal.  Tá an mealladh agus an bhagairt á dhéanamh tré ráflaí atá á scaipeadh go gcuirfear amach as an nGaeltacht an baile má vótálann siad gan glacadh leis an ainm An Daingean agus go gcaillfear deontaisí móra dá bhárr seo.  Ní ceist teangan atá ann adúirt An Seanadóir ach ceist fé chearta na ndaoine.  Lean sé air ag rá gur chóir do na daoine a bheith feargach agus paiseanta faoi seo. 

         Luaigh, Pádraig Ó Loinnsigh, go ndéanfadh cailliúint na h-ainme “Dingle” díobháil mhór do chúrsaí trádála agus go dtiocfadh meath ar an nGaoluinn mar nár oibrigh éigean riamh ó thaobh chúrsaí teangan.  Dúirt Síle Ní Ghormáin, urlabhraí Chomhar Turasóireachta Chorca Dhuibhne, go raibh an rialtas taréis na milliúin a infheistiú sa bhranda “Dingle Peninsula” agus go rabhadar anois á chur san ar fad amú. 

Chuir An Comhairleoir Séamus ‘Cosaí’ Mac Gearailt in iúil go raibh Comhairle Chontae Chiarraí ag tarrac suas liosta de na daoine go mbeadh vóta acu sa phobalbhreith.  Beidh an liosta seo le feiscint ag an bpobal i mí na Márta nó mí an Aibreáin agus go dtabharfadh an Bainisteoir Contae cúntas do chruinniú den gComhairle Contae an uair sin. 

Bhunaigh pobal an bhaile coiste chun na h-ainmneacha Dingle/Daingean Uí Chúis a ath-bhunú arís:

Uachtarán – An Canónach Seán Mac Gineá

Cathaoirleach – Feargus Ó Flaithbheartaigh

Leas Chathaoirleach – Peter Callery

Rúnaithe – Kate O Connor & Elaine Sheehy

Cisteoir – Seán Ó Súilleabháin

O. C. P. –  Seán Ó Muircheartaigh

Proinsias Ó Súilleabháin, Séamus ‘Cosaí’ Mac Gearailt MCC, Séamus Ó Bambaire, Tomás Ó Caomhánaigh, Mícheál Grainbhil agus Paul Geaney.

Admháil/Acknowledgement

Ba mhaith linn ár míle buíochas a ghabháil leis na daoine a chabhraigh linn sa bhfeachtas seo go dáta: 

18 Comhairleoirí Chontae Chiarraí a vótáil chun cead a thabhairt dúinn pobalbhreith a reachtáil.  Séamus ‘Cosaí’ Mac Gearailt a mhol an rún, Bainisteoir an Chontae agus an dlíodóir Contae a rithfidh an pobalbhreith.  Ba mhaith linn leis buíochas a ghabháil leis an Seanadóir Joe O Toole a thug a chuid ama dhúinn ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath chun labhairt ag an gcruinniú phoiblí.  Tá buíochas leis ag dul d’iriseoirí a chuir an scéal ar a súilibh do phobal na tíre tré na meáin cumarsáide .i. na nuachtáin, an radio agus ar an dteilifís.  Tá buíochas ag dul do scríobhnóirí litreach ar na páipéirí áitiúla agus náisiúnta.

Tá fáilte romhat do chuid tuairimí fé cheist Dingle/Daingean Uí Chúise a nochtadh ar an suíomh idirlín seo chomh maith.  Go raibh maith agaibh as bhúr dtacaíocht.

Fergus O Flaithbheartaigh
Cathaoirleach.


[Back To Top]


Your comments and enquiries are always welcome.
If you have any questions about anything you have seen on this web site, or if you would like more information about the Dingle/Daingean Uí Chúis, please email them to us at info@dinglename.com